An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir,
Mo chreach mhaidne brón ní castar liom í,
Tráth théim go tigh a óil, chuig damhsa, nó spórt,
Ach leanfad sa ród í ar uair an mheán oích'.
Curfá
Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor,
Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi,
Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó,
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í.
Bíodh sí lách óg gan mhairg gan ghruaim,
Stuama go leor ar gach uile sheort ní,
Tuicsneach ró-dheas gan an iomarca bróid,
Siúd í mo stóirín da mbéadh sí gan pingin.
Curfá
Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor,
Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi,
Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó,
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í.
Bíodh sí gan smál i gclú is i gcáil,
Glan ina croí agus séimh ina méin,
Gan gangaid nó gráin i mbriathra a béil
Is aoibh ar a h-éadan ó mhaidin go h-oích'
Curfá
Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor,
Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhaoi,
Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó,
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í.
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í.
Tenha acesso a benefícios exclusivos no App e no Site
Chega de anúncios
Badges exclusivas
Mais recursos no app do Afinador
Atendimento Prioritário
Aumente seu limite de lista
Ajude a produzir mais conteúdo